Comhrá Gaeilge!!
1st Oct 2025
Tá spraoi agus craic ag na páistí agus iad ag cleachtadh a gcuid scileanna comhrá Gaeilge! Gach Céadaoin tugtar cártaí comhrá abhaile mar obair bhaile. Cabhraíonn na cártaí seo leo Gaeilge a úsáid ar bhealach nádúrtha agus taitneamhach. Táimid ag iarraidh muinín agus líofacht na bpáistí a neartú ionas go mbeidh siad bródúil as a gcuid Gaeilge agus á húsáid go laethúil!
