Scoil Naomh Bhríde, Emper National School, Co Westmeath

Raidió na Scoil Naomh Bhríde!!

2nd Jun 2026
Le déanaí, bhí na páistí ag foghlaim faoin ábhar Caitheamh Aimsire sa rang Gaeilge. D'fhoghlaim siad foclóir nua agus rinne siad cleachtadh ar chomhráite faoi na caitheamh aimsire is fearr leo.

Mar chuid den obair seo, bhunaigh na daltaí stáisiún raidió beag sa seomra ranga. Ghlac siad róil éagsúla mar láithreoirí, aíonna agus éisteoirí. Bhí deis acu a gcuid scileanna labhartha agus éisteachta a fhorbairt ar bhealach spraíúil agus cruthaitheach.

Ina theannta sin, chuir na páistí an comhrá i láthair i miondrámaíocht. Bhain siad an-taitneamh as na rólghlacthaí agus léirigh siad muinín agus líofacht agus iad ag labhairt na Gaeilge.